08 April 2012
Beidh dhá chúram ar Chlíodna Cussen nuair a osclóidh sí Féile na Cásca 2012 ar an Máimín, Baile an Fheirtéaraigh inniu. Beidh saothair le breis is ochtó ealaíontóir ar taispeáint - daoine aitheanta ar nós Liam Ó Néill, Maria Simonds-Gooding, Tomás Ó Cíobháin, Julie Beckett, Kelly Hood, Mary Neville, Bob Ó Cathail, Seán Mac Sweeney chomh maith le ealaíontóirí úrnua - ar phraghasanna idir €20.00 go €15,000.00.
Seolfaidh Cliodna leis Conair Dealbhadóireachta Iarthar Dhuibhneach. Tá cur síos sa bhileog seo ar sheacht gcinn déag de dhealbha atá in áiteanna poiblí ar fud Chorca Dhuibhne. Beidh spéis ag muintir na háite iontu chomh maith leis an dturasóir. Is fiú cuairt a thabhairt ar Fhéile na Cásca - beidh tacaíocht á thabhairt agat d’ealaíontóirí agus d’obair Chomharchumainn Forbartha Chorca Dhuibhne. Beidh amhráin thraidisiúnta á gcur i láthair go físiúil ag daltaí bunscoile ag Féile na Cásca 2012. Bíonn seisiúin rialta amhránaíochta ins na scoileanna le Páidí Mhárthain Mac Gearailt agus Áine Uí Laoithe - scéim atá maoinithe ag Ealaín na Gaeltachta.