03 May 2011
Beidh Lá Oscailte ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne óna 2.00 – 8.00 ar an gCéadaoin, 11ú Bealtaine 2011 i Músaem Chorca Dhuibhne i mBaile an Fheirtéaraigh. Tugtar cuireadh do phobal Chorca Dhuibhne bualadh isteach sa Mhúsaem i rith an tráthnóna chun eolas a fháilt ar a bhfuil idir lámha ag an gComharchumann agus ag comhlachtaí eile de chuid an Chomharchumainn, Oidhreacht Chorca Dhuibhne, Coláistí Chorca Dhuibhne, Dovinia, Gaeltachtaí na Mumhan Skillnet & Corca Dhuibhne ag Caint. Chomh maith le buanfhostaíocht a chur ar fáil i mBaile an Fheirtéaraigh, ar na himeachtaí is mó a bhíonn ar siúl ag an gComharchumann tá Cúrsaí Oiliúna / Foghlama Gaeilge ag gach leibhéal sa chóras oideachais agus do gach leibhéal foghlaimeora, Scéimeanna Teanga, Scéimeanna sna hEalaíona Dúchasacha, Scéim Fostaíochta Pobail, reáchtáil Mhúsaem Chorca Dhuibhne agus Scéimeanna Oidhreachta agus Scéimeanna Fostaíochta pobail i gcomhar le FÁS. Is le tacaíocht Ón Roinn Gnóthaí Ealaíne, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta agus go leor eagraisí eile a chuireann ar chumas an Chomharchumainn na seirbhisí seo a sholáthar agus na tograí éagsúla a reáchtáil. Fáilte roimh cách.
>